An Briathar do Dé Sathairn, 27 Aibreán, 2024

Dúirt Íosa Críost:

Fanaigí ionamsa, agus mise ionaibh. Faoi mar nach féidir don ghéag toradh a thabhairt uaithi féin, mura bhfanann sí san fhíniúin, sin mar nach féidir daoibhse, mura bhfanann sibh ionamsa.

Eoin 15:4

An té a choinníonn a fhocalsan go deimhin tá grá Dé lánfhoirfe ann; agus is mar sin a thuigimid go mairimid ann.

1 Eoin 2:5