Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

An Briathar do Dé Máirt, 7 Bealtaine, 2024

An Bíobla Naofa 1981

Is iad na nithe a thagann amach as an gcroí, drochsmaointe, dúnmharuithe, bearta adhaltranais agus drúise, gadaíochtaí, fianaisí bréige, diamhaslaí.

Matha 15:19

Tabharfaidh mé croí nua daoibh fosta agus cuirfidh spiorad nua ionaibh.

Eizicéil 36:26

Matha 15 (An Bíobla Naofa 1981)

16 Dúirt Íosa: “Sibhse freisin, nach bhfuil tuiscint agaibh fós féin?
17 An ea nach dtuigeann sibh, rud ar bith a théann isteach sa bhéal, go ngabhann sé sa ghoile agus go scaoiltear sa leithreas é?
18 Ní ionann agus na nithe a thagann amach as an mbéal, gur as an gcroí a thagann siad, agus déanann siadsan neamhghlan an duine.
19 Óir is iad na nithe a thagann amach as an gcroí, drochsmaointe, dúnmharuithe, bearta adhaltranais agus drúise, gadaíochtaí, fianaisí bréige, diamhaslaí.
20 Sin iad na nithe a dhéanann neamhghlan an duine; ach ní dhéanann sé neamhghlan é má chaitheann sé a chuid gan a lámha a bheith nite.”
21 Ar dhul amach as sin dó, chuaigh Íosa i leataobh go dtí ceantar na Tuíre agus Shíodóine.
22 Agus bhí bean Chanánach a tháinig amach as na críocha sin agus thosaigh sí ag glaoch os ard: “Déan trócaire orm, a Thiarna, a mhic Dháiví,” ar sise, “tá iníon agam agus í á crá go géar ag deamhan.”

Read more...(to top)

Eizicéil 36 (An Bíobla Naofa 1981)

23 Naomhóidh mé m’ainm mór a truaillíodh i measc na gciníocha, a thruailligh sibhse ina measc. Agus tuigfidh na ciníocha gur mise an Tiarna – an Tiarna Dia a labhraíonn – nuair a naomhóidh mé mé féin ionaibh os comhair a súl.
24 Bainfidh mé amach sibh as na ciníocha agus baileoidh sibh le chéile ó na coigríocha go léir agus tabharfaidh mé sibh abhaile chuig bhur dtír dhúchais.
25 Croithfidh mé uisce glan oraibh agus beidh sibh glan; scagfaidh mé sibh ó bhur salachar uile agus ó bhur n-íola uile.
26 Tabharfaidh mé croí nua daoibh fosta agus cuirfidh spiorad nua ionaibh; bainfidh mé an croí cloiche as bhur gcorp agus tabharfaidh croí feola daoibh ina áit.
27 Cuirfidh mé mo spiorad ionaibh agus tabharfaidh oraibh siúl de réir mo reachtanna agus mo dheasghnátha a chomhlíonadh go beacht.
28 Cónóidh sibh sa tír a bhronn mé ar bhur n-aithreacha; beidh sibh in bhur bpobal agam agus beidh mise i mo Dhia agaibh.
29 Glanfaidh mé sibh ó bhur salachar uile. Glaofaidh mé ar an arbhar, cuirfidh mé breis leis agus ní sheolfaidh mé gorta sa mhullach oraibh níos mó.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

Out of the heart come evil thoughts, murder, adultery, sexual immorality, theft, false witness, slander.

Matthew 15:19

I will give you a new heart, and a new spirit I will put within you.

Ezekiel 36:26

Matha 15 (English Standard Version)

16 And he said,
“Are you also still without understanding?
17 Do you not see that whatever goes into the mouth passes into the stomach and is expelled?
18 But what comes out of the mouth proceeds from the heart, and this defiles a person.
19 For out of the heart come evil thoughts, murder, adultery, sexual immorality, theft, false witness, slander.
20 These are what defile a person. But to eat with unwashed hands does not defile anyone.”
21 And Jesus went away from there and withdrew to the district of Tyre and Sidon.
22 And behold, a Canaanite woman from that region came out and was crying, “Have mercy on me, O Lord, Son of David; my daughter is severely oppressed by a demon.”

Read more...(to top)

Eizicéil 36 (English Standard Version)

23 And I will vindicate the holiness of my great name, which has been profaned among the nations, and which you have profaned among them. And the nations will know that I am the Lord, declares the Lord God, when through you I vindicate my holiness before their eyes.
24 I will take you from the nations and gather you from all the countries and bring you into your own land.
25 I will sprinkle clean water on you, and you shall be clean from all your uncleannesses, and from all your idols I will cleanse you.
26 And I will give you a new heart, and a new spirit I will put within you. And I will remove the heart of stone from your flesh and give you a heart of flesh.
27 And I will put my Spirit within you, and cause you to walk in my statutes and be careful to obey my rules.
28 You shall dwell in the land that I gave to your fathers, and you shall be my people, and I will be your God.
29 And I will deliver you from all your uncleannesses. And I will summon the grain and make it abundant and lay no famine upon you.

Read more...(to top)