Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Dé Céadaoin, 27 Lúnasa, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Bíonn duine fial, ach méadaíonn ar a mhaoin; bíonn duine eile sprionlaithe, ach is i mbochtaine a théann sé.

Seanfhocal 11:24

Mairigí le chéile go síochánta. Impímid oraibh, a bhráithre, foláireamh a thabhairt do na daoine neamhchúiseacha, na daoine faiteacha a spreagadh, cabhrú leis na laga agus bheith foighneach le cách uile.

1 Teasalónaigh 5:14

Seanfhocal 11 (An Bíobla Naofa 1981)

21 Déan deimhin de, ní rachaidh an t-urchóideach as gan phionós;
ach déanfar lucht na fíréantachta a fhuascailt.
22 Is cuma nó fáinne óir i bpus muice,
bean bhreá gan stuaim.
23 Sonas is críoch ar mhian na bhfíréan;
téann dóchas na n-urchóideach amú.
24 Bíonn duine fial, ach méadaíonn ar a mhaoin;
bíonn duine eile sprionlaithe, ach is i mbochtaine a théann sé.
25 Éireoidh an fial saibhir;
an té thugann deoch, gheobhaidh sé deoch.
26 Cuireann daoine mallacht ar an té a choimeádann an t-arbhar i dtaisce;
ach beannacht ar an té a dhíolann é.
27 An té a thóraíonn an mhaith, tóraíonn sé fabhar;
ach an té a lorgann an urchóid, tagann an urchóid ina threo.

Read more...(to top)

1 Teasalónaigh 5 (An Bíobla Naofa 1981)

11 Dá bhrí sin, leanaigí ag spreagadh a chéile agus ag treisiú le chéile faoi mar atá sibh a dhéanamh cheana.
12 Iarraimid oraibh, a bhráithre, ómós a thabhairt dóibh siúd atá ag saothrú go dian in bhur measc agus atá do bhur stiúradh in ainm an Tiarna agus atá ag tabhairt comhairle daoibh.
13 Bíodh meas agus cion as cuimse agaibh orthu mar gheall ar a gcuid oibre.
14 Mairigí le chéile go síochánta. Impímid oraibh, a bhráithre, foláireamh a thabhairt do na daoine neamhchúiseacha, na daoine faiteacha a spreagadh, cabhrú leis na laga agus bheith foighneach le cách uile.
15 Féachaigí chuige nach ndéanfaidh aon duine agaibh an t-olc in aghaidh an oilc. Cuirigí romhaibh an mhaith a dhéanamh i gcónaí dá chéile agus do chách eile.
16 Bíodh lúcháir oraibh i gcónaí.
17 Bígí ag guí gan staonadh

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

One gives freely, yet grows all the richer; another withholds what he should give, and only suffers want.

Proverbs 11:24

Help the weak.

1 Thessalonians 5:14

Seanfhocal 11 (English Standard Version)

21 Be assured, an evil person will not go unpunished,
but the offspring of the righteous will be delivered.
22 Like a gold ring in a pig's snout
is a beautiful woman without discretion.
23 The desire of the righteous ends only in good;
the expectation of the wicked in wrath.
24 One gives freely, yet grows all the richer;
another withholds what he should give, and only suffers want.
25 Whoever brings blessing will be enriched,
and one who waters will himself be watered.
26 The people curse him who holds back grain,
but a blessing is on the head of him who sells it.
27 Whoever diligently seeks good seeks favor,
but evil comes to him who searches for it.

Read more...(to top)

1 Teasalónaigh 5 (English Standard Version)

11 Therefore encourage one another and build one another up, just as you are doing.
12 We ask you, brothers, to respect those who labor among you and are over you in the Lord and admonish you,
13 and to esteem them very highly in love because of their work. Be at peace among yourselves.
14 And we urge you, brothers, admonish the idle, encourage the fainthearted, help the weak, be patient with them all.
15 See that no one repays anyone evil for evil, but always seek to do good to one another and to everyone.
16 Rejoice always,
17 pray without ceasing,

Read more...(to top)