Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Dé hAoine, 30 Bealtaine, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Is le creideamh a shiúlaimid bóthar an tsaoil seo agus ní le radharc na súl é.

2 Corantaigh 5:7

Trí chreideamh rinne Abrahám rud ar Dhia nuair a fuair sé a ghairm uaidh. Thug sé a aghaidh ar áit a bhí le fáil aige mar oidhreacht; d’imigh sé leis, bíodh nach raibh a fhios aige cá raibh a thriall.

Eabhraigh 11:8

2 Corantaigh 5 (An Bíobla Naofa 1981)

4 Sea, fad a bhímid i mboth an choirp bímid ag osnaíl go cloíte, ach ní hé is áil linn an corp saolta a bhaint dínn ach an corp eile a chur umainn lasmuigh de, ionas go slogfaí siar an rud básmhar ag an mbeatha.
5 Agus is é a réitigh ina chomhair seo leis féin sinn, Dia a thug dúinn an Spiorad i ngeall leis.
6 Bímid lán de mhisneach i gcónaí dá bhrí sin, cé go bhfuil a fhios againn fad atá ár gcónaí sa chorp go bhfuilimid ar deoraíocht ón Tiarna.
7 Mar is le creideamh a shiúlaimid bóthar an tsaoil seo agus ní le radharc na súl é.
8 Mar sin féin táimid lán de mhisneach cé go mb’fhearr linn go mór an corp a bheith fágtha againn agus bheith inár gcónaí leis an Tiarna.
9 Ach cibé acu sa bhaile leis a bhímid nó as baile uaidh, níl d’aidhm againn ach é a shásamh.
10 Mar ní mór dúinn go léir teacht os comhair suí breithimh Chríost chun go bhfaighidh gach duine againn luach an tsaothair a bheidh déanta sa chorp againn, bíodh sé olc nó maith.

Read more...(to top)

Eabhraigh 11 (An Bíobla Naofa 1981)

5 Trí chreideamh tógadh Eineoc suas sna flaithis sa chaoi nár bhlais sé den bhás. Ní raibh fáil air de bhrí gur thóg Dia suas é. Roimh a dheastógáil bhí sé de theist air go raibh sé taitneamhach le Dia.
6 Gan chreideamh ní féidir le duine a bheith taitneamhach leis mar an té atá ag teacht chun Dé ní mór dó a chreidiúint go bhfuil Dia ann agus go dtugann sé luach saothair dá mbíonn á lorg.
7 Trí chreideamh fuair Naoi eolas ó Dhia ar nithe nach raibh le feiceáil go fóill. Ghabh eagla é agus rinne sé an áirc chun a theaghlach a shábháil. Dá bharr sin thug sé daorbhreith ar an saol agus fuair sé ó Dhia an fhíréantacht sin atá bunaithe ar an gcreideamh.
8 Trí chreideamh rinne Abrahám rud ar Dhia nuair a fuair sé a ghairm uaidh. Thug sé a aghaidh ar áit a bhí le fáil aige mar oidhreacht; d’imigh sé leis, bíodh nach raibh a fhios aige cá raibh a thriall.
9 Trí chreideamh chuir sé faoi sa tír tairngire faoi mar ba thír choimhthíoch í. Chaith sé a shaol i mbothanna in éineacht le hÍosác agus le Iacób, beirt a bhí páirteach leis sa ghealltanas céanna.
10 Óir bhí sé ag súil leis an gcathair a bhfuil bunsraith bhuan aici, arb é Dia a hailtire agus a tógálaí.
11 Trí chreideamh freisin fuair Sárá féin neart chun mac a ghabháil d’ainneoin go raibh sí thar an aois chuige. Óir chreid sí gurbh iontaofa an té a thug an gealltanas uaidh.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

We walk by faith, not by sight.

2 Corinthians 5:7

By faith Abraham obeyed when he was called to go out to a place that he was to receive as an inheritance. And he went out, not knowing where he was going.

Hebrews 11:8

2 Corantaigh 5 (English Standard Version)

4 For while we are still in this tent, we groan, being burdened—not that we would be unclothed, but that we would be further clothed, so that what is mortal may be swallowed up by life.
5 He who has prepared us for this very thing is God, who has given us the Spirit as a guarantee.
6 So we are always of good courage. We know that while we are at home in the body we are away from the Lord,
7 for we walk by faith, not by sight.
8 Yes, we are of good courage, and we would rather be away from the body and at home with the Lord.
9 So whether we are at home or away, we make it our aim to please him.
10 For we must all appear before the judgment seat of Christ, so that each one may receive what is due for what he has done in the body, whether good or evil.

Read more...(to top)

Eabhraigh 11 (English Standard Version)

5 By faith Enoch was taken up so that he should not see death, and he was not found, because God had taken him. Now before he was taken he was commended as having pleased God.
6 And without faith it is impossible to please him, for whoever would draw near to God must believe that he exists and that he rewards those who seek him.
7 By faith Noah, being warned by God concerning events as yet unseen, in reverent fear constructed an ark for the saving of his household. By this he condemned the world and became an heir of the righteousness that comes by faith.
8 By faith Abraham obeyed when he was called to go out to a place that he was to receive as an inheritance. And he went out, not knowing where he was going.
9 By faith he went to live in the land of promise, as in a foreign land, living in tents with Isaac and Jacob, heirs with him of the same promise.
10 For he was looking forward to the city that has foundations, whose designer and builder is God.
11 By faith Sarah herself received power to conceive, even when she was past the age, since she considered him faithful who had promised.

Read more...(to top)