Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Déardaoin, 3 Iúil, 2025

An Bíobla Naofa 1981

An uile dhuine a ghlac Íosa, thug sé de cheart dóibh go ndéanfaí clann Dé díobh, dóibh seo a chreideann ina ainm.

Eoin 1:12

Mar, aon duine atá i gCríost, is duine é atá cruthaithe as an nua; tá an sean i léig, féach, agus tá an nua tagtha.

2 Corantaigh 5:17

Eoin 1 (An Bíobla Naofa 1981)

9 An solas fírinneach
a shoilsíonn gach aon duine,
bhí sé ag teacht ar an saol.
10 Bhí sé ar an saol
agus is tríd a rinneadh an saol,
agus níor aithin an saol é.
11 Chun a chuid féin a tháinig
agus níor ghlac a mhuintir é.
12 Ach an uile dhuine a ghlac é,
thug sé de cheart dóibh
go ndéanfaí clann Dé díobh,
dóibh seo a chreideann ina ainm,
13 an mhuintir nach as folanna a rugadh iad
ná as toil feola,
ná as toil fir ach ó Dhia.
14 Agus rinneadh feoil den Bhriathar
agus chónaigh sé inár measc,
agus chonacamar-na a ghlóir,
a ghlóir mar Aonghin ón Athair,
lán de ghrásta agus d’fhírinne.
15 Tagann Eoin ag tabhairt fianaise ina thaobh
agus glaonn in ard a ghutha:
“É seo an té a ndúirt mé faoi:
‘An té atá ag teacht í mo dhiaidh,
tá an tosach aige orm mar bhí sé ann romham.’”

Read more...(to top)

2 Corantaigh 5 (An Bíobla Naofa 1981)

14 Is é grá Chríost atá dár dtiomáint ón uair a d’aithníomar go bhfuair aon duine amháin bás ar son cách uile agus dá réir sin go bhfuil an uile dhuine tar éis bháis.
15 Agus fuair sé bás ar son cách d’fhonn is nach ar mhaithe leo féin a mhairfeadh na beo feasta ach ar mhaithe leis an té sin a fuair bás ar a son agus a d’aiséirigh ó mhairbh.
16 As seo amach dá bhrí sin ní dhéanaimid neach ar bith a mheas do réir caighdeáin shaolta. Más ea féin go ndearnamar Críost a mheas de réir an chaighdeáin sin tráth, ní dhéanaimid amhlaidh a thuilleadh.
17 Mar, aon duine atá i gCríost, is duine é atá cruthaithe as an nua; tá an sean i léig, féach, agus tá an nua tagtha.
18 Is é Dia a thug an t-iomlán i gcrích, mar is é a thug sinne chun athmhuintearais leis féin trí Chríost agus a d’fhág an t-athmhuintearas ina chúram orainne.
19 Is é sin le rá go raibh Dia i gCríost ag tabhairt an domhain chun athmhuintearais leis féin, gan cionta na ndaoine a agairt orthu, agus gur fúinne a d’fhág sé fógairt an athmhuintearais sin.
20 Dá réir sin is ambasadóirí thar ceann Chríost sinne mar gur trínne atá Dia ag achainí. Is é a impímid oraibh in ainm Chríost athmhuintearas a dhéanamh le Dia.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

To all who did receive Jesus, who believed in his name, he gave the right to become children of God.

John 1:12

If anyone is in Christ, he is a new creation. The old has passed away; behold, the new has come.

2 Corinthians 5:17

Eoin 1 (English Standard Version)

9 The true light, which enlightens everyone, was coming into the world.
10 He was in the world, and the world was made through him, yet the world did not know him.
11 He came to his own, and his own people did not receive him.
12 But to all who did receive him, who believed in his name, he gave the right to become children of God,
13 who were born, not of blood nor of the will of the flesh nor of the will of man, but of God.
14 And the Word became flesh and dwelt among us, and we have seen his glory, glory as of the only Son from the Father, full of grace and truth.
15 (John bore witness about him, and cried out, “This was he of whom I said, ‘He who comes after me ranks before me, because he was before me.’”)

Read more...(to top)

2 Corantaigh 5 (English Standard Version)

14 For the love of Christ controls us, because we have concluded this: that one has died for all, therefore all have died;
15 and he died for all, that those who live might no longer live for themselves but for him who for their sake died and was raised.
16 From now on, therefore, we regard no one according to the flesh. Even though we once regarded Christ according to the flesh, we regard him thus no longer.
17 Therefore, if anyone is in Christ, he is a new creation. The old has passed away; behold, the new has come.
18 All this is from God, who through Christ reconciled us to himself and gave us the ministry of reconciliation;
19 that is, in Christ God was reconciling the world to himself, not counting their trespasses against them, and entrusting to us the message of reconciliation.
20 Therefore, we are ambassadors for Christ, God making his appeal through us. We implore you on behalf of Christ, be reconciled to God.

Read more...(to top)