Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< An Briathar do Dé Sathairn, 5 Iúil, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Ár dTiarna a tugadh suas mar gheall ar ár gcionta agus a tógadh ó mhairbh i gcomhair ár bhfíréanaithe.

Rómhánaigh 4:25

Mach bhfuil fuil ChríoNt níos cumhachtaí go mór ná é sin? Óir de bharr a spioraid bhuanmharthanaigh d’ofráil Íosa é féin chun Dé ina íobairt gan smál. Glanfaidh sé bhur gcoinsias ó pheacaí marfacha ionas go mbeidh sé ar bhur gcumas seirbhís a dhéanamh do Dhia beo.

Eabhraigh 9:14

Rómhánaigh 4 (An Bíobla Naofa 1981)

22 Sin é an fáth ar “áiríodh a chreideamh mar fhíréantacht aige”.
23 Agus ní ina thaobh sin amháin a scríobhadh na focail seo: “Áiríodh mar fhíréantacht aige é”
24 ach inár dtaobhna chomh maith. Mar áireofar mar fhíréantacht againne é, de bhrí go gcreidimid sa té a thóg ó mhairbh Íosa ár dTiarna,
25 a tugadh suas mar gheall ar ár gcionta agus a tógadh ó mhairbh i gcomhair ár bhfíréanaithe.

Read more...(to top)

Eabhraigh 9 (An Bíobla Naofa 1981)

11 Ach tháinig Críost agus é ina ardsagart a bhféadfaí na maitheasaí uile a bhí [tagtha] a fháil tríd. Ghabh sé trí bhoth a bhí níos mó agus níos foirfe ná an seancheann; mar ní raibh sí lámhdhéanta, is é sin le rá, níor den saol seo í.
12 Chuaigh sé isteach san Áit Rónaofa aon uair amháin ar fad agus ní le cabhair fuil ghabhar agus laonna é ach lena chuid fola dílis féin agus fuair sé slánú síoraí dúinn.
13 Nuair a chroitear fuil ghabhar agus tharbh agus luaithreach bodóige dóite ar dhaoine atá neamhghlan mar gheall ar dheasghnátha an liotúirge, baintear an neamhghlaine dheasghnáthach seo díobh agus naomhaítear iad.
14 Más ea, nach bhfuil fuil Chríost níos cumhachtaí go mór ná é sin? Óir de bharr a spioraid bhuanmharthanaigh d’ofráil Íosa é féin chun Dé ina íobairt gan smál. Glanfaidh sé bhur gcoinsias ó pheacaí marfacha ionas go mbeidh sé ar bhur gcumas seirbhís a dhéanamh do Dhia beo.
15 Agus is é an fáth a bhfuil sé ina idirghabhálaí ar chonradh nua ná ionas go bhfaigheadh na daoine a bhfuil glaoite orthu an oidhreacht shíoraí atá geallta ag Dia dóibh. Is féidir é seo a tharlú anois ós rud é go bhfuair Críost bás in éiric na gcionta a rinneadh le linn an chéad chonartha.
16 Nuair a bhíonn uacht i gceist, áfach, caithfear a chruthú go bhfuil an duine a rinne é marbh.
17 Óir fad is beo dó bíonn an uacht gan éifeacht; ní thagann sí i bhfeidhm go dtí go bhfaigheann sé bás.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

Jesus our Lord was delivered up for our trespasses and raised for our justification.

Romans 4:25

The blood of Christ, who through the eternal Spirit offered himself without blemish to God, will purify our conscience from dead works to serve the living God.

Hebrews 9:14

Rómhánaigh 4 (English Standard Version)

22 That is why his faith was “counted to him as righteousness.”
23 But the words “it was counted to him” were not written for his sake alone,
24 but for ours also. It will be counted to us who believe in him who raised from the dead Jesus our Lord,
25 who was delivered up for our trespasses and raised for our justification.

Read more...(to top)

Eabhraigh 9 (English Standard Version)

11 But when Christ appeared as a high priest of the good things that have come, then through the greater and more perfect tent (not made with hands, that is, not of this creation)
12 he entered once for all into the holy places, not by means of the blood of goats and calves but by means of his own blood, thus securing an eternal redemption.
13 For if the blood of goats and bulls, and the sprinkling of defiled persons with the ashes of a heifer, sanctify for the purification of the flesh,
14 how much more will the blood of Christ, who through the eternal Spirit offered himself without blemish to God, purify our conscience from dead works to serve the living God.
15 Therefore he is the mediator of a new covenant, so that those who are called may receive the promised eternal inheritance, since a death has occurred that redeems them from the transgressions committed under the first covenant.
16 For where a will is involved, the death of the one who made it must be established.
17 For a will takes effect only at death, since it is not in force as long as the one who made it is alive.

Read more...(to top)