An Briathar do Déardaoin, 16 Bealtaine, 2024
Déanaigí deimhin de, más ansa libh bhur n-anam, grá a thabhairt don Tiarna bhur nDia.
Iósua 23:11
Féachaigí chuige nach gcaillfidh aon duine agaibh grásta Dé, agus nach bhfásfaidh aon fhréamh nimhneach suas in bhur measc a chuirfeadh buaireamh oraibh agus a thruailleodh an t-iomlán agaibh.
Eabhraigh 12:15
10 Cuireann duine agaibh an teitheadh ar mhíle, mar is é an Tiarna bhur nDia a throideann ar bhur son, faoi mar gheall sé daoibh. |
11 Déanaigí deimhin de, más ansa libh bhur n-anam, grá a thabhairt don Tiarna bhur nDia. |
12 Má bhíonn sibh mídhílis agus caidreamh a dhéanamh le fuíoll na gciníocha a fágadh anseo in bhur measc, agus cleamhnais a dhéanamh leo i dtreo go bpósfaidh sibh a gcuid ban agus go bpósfaidh siadsan bhur gcuidse, |
14 Déanaigí iarracht ar an tsíocháin a bhuanú eadraibh féin agus gach uile dhuine; lorgaigí an naofacht sin nach bhfeicfidh aon duine an Tiarna gan í; |
15 féachaigí chuige nach gcaillfidh aon duine agaibh grásta Dé, agus nach bhfásfaidh aon fhréamh nimhneach suas in bhur measc a chuirfeadh buaireamh oraibh agus a thruailleodh an t-iomlán agaibh. |
16 Ná bíodh aon duine drúisiúil ná díchreidmheach oraibh ar nós Éasau, a dhíol a cheart oidhreachta ar aon bhéile bia amháin. |