Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Dé Céadaoin, 4 Meitheamh, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Tá anam gach dúile beo ina ghlaic, Agus anáil anama an chine dhaonna.

Iób 12:10

Dúirt Íosa lena dheisceabail:

Ní hea, ach fiú amháin ribí bhur gcinn, tá siad uile comhairthe. Ná bíodh aon eagla oraibh; is mó is fiú sibh ná dá mhéad na gealbhain.

Lúcás 12:7

Iób 12 (An Bíobla Naofa 1981)

7 Ní gá duit ach ceist a chur ar na hainmhithe agus cuirfidh siad ar an eolas thú!
Nó ar éanlaith an aeir agus múinfidh siad thú;
8 Nó labhair leis an talamh, agus inseoidh sé duit,
Agus tabharfaidh iasc na farraige eolas duit.
9 Céard é ina measc seo go léir nach eol dó
Gurb é lámh Dé a rinne é seo go léir?
10 Tá anam gach dúile beo ina ghlaic,
Agus anáil anama an chine dhaonna.
11 Nach ndéanann an chluas na briathra a phromhadh
Agus an carball an bia a bhlas?
12 Leis an tseanaois a ghabhann an eagna
Agus an chríonnacht le síneadh na mblianta.
13 Is i [nDia] atá eagna agus cumhacht,
Is aige atá comhairle agus tuiscint.

Read more...(to top)

Lúcás 12 (An Bíobla Naofa 1981)

4 Ach is libhse a deirim é, a chairde: ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp agus ina dhiaidh sin nach dtagann leo níos mó a dhéanamh.
5 Ach taispeánfaidh mé daoibh cé is eagal daoibh; bíodh eagla oraibh roimh an té a bhfuil ar a chumas, tar éis an mharaithe, neach a theilgean isteach in ifreann. Sea, deirim libh, bíodh eagla oraibh roimhe sin.
6 Nach ndíoltar cúig gealbhain ar dhá phingin? Agus fiú aon cheann amháin acu, níl ar dearmad i láthair Dé.
7 Ní hea, ach fiú amháin ribí bhur gcinn, tá siad uile comhairthe. Ná bíodh aon eagla oraibh; is mó is fiú sibh ná dá mhéad na gealbhain.
8 Deirim libh, gach aon duine a ghlacfaidh liomsa os comhair daoine, glacfaidh Mac an Duine leis sin chomh maith os comhair aingeal Dé;
9 ach an té a shéanfaidh mise i láthair daoine, séanfar eisean i láthair aingeal Dé.
10 Agus gach aon duine a déarfaidh focal in aghaidh Mhac an Duine, maithfear dó é; ach an té a mbíonn diamhasla déanta aige in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bhfaighidh sé maithiúnas ann.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

In the hand of the Lord is the life of every living thing and the breath of all mankind.

Job 12:10

Jesus said to his disciples:

Even the hairs of your head are all numbered. Fear not.

Luke 12:7

Iób 12 (English Standard Version)

7 “But ask the beasts, and they will teach you;
the birds of the heavens, and they will tell you;
8 or the bushes of the earth, and they will teach you;
and the fish of the sea will declare to you.
9 Who among all these does not know
that the hand of the Lord has done this?
10 In his hand is the life of every living thing
and the breath of all mankind.
11 Does not the ear test words
as the palate tastes food?
12 Wisdom is with the aged,
and understanding in length of days.
13 “With God are wisdom and might;
he has counsel and understanding.

Read more...(to top)

Lúcás 12 (English Standard Version)

4 “I tell you, my friends, do not fear those who kill the body, and after that have nothing more that they can do.
5 But I will warn you whom to fear: fear him who, after he has killed, has authority to cast into hell. Yes, I tell you, fear him!
6 Are not five sparrows sold for two pennies? And not one of them is forgotten before God.
7 Why, even the hairs of your head are all numbered. Fear not; you are of more value than many sparrows.
8 “And I tell you, everyone who acknowledges me before men, the Son of Man also will acknowledge before the angels of God,
9 but the one who denies me before men will be denied before the angels of God.
10 And everyone who speaks a word against the Son of Man will be forgiven, but the one who blasphemes against the Holy Spirit will not be forgiven.

Read more...(to top)