Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Dé hAoine, 6 Meitheamh, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Tá a shlánú i ngar do lucht a eaglaithe; chun go gcónódh a ghlóir inár dtír. Casadh ar a chéile an buanghrá is an dílseacht; phóg an fhíréantacht agus an tsíocháin a chéile.

Salm 85:10-11

Is é ainm atá air: “Comhairleoir iontach”, “Dia láidir”, “Athair síoraí”, “Prionsa na síochána”.

Íseáia 9:5

Salm 85 (An Bíobla Naofa 1981)

7 Nach dtabharfaidh tú aiseag ár mbeatha dúinn
chun go ndéanfaidh do phobal lúcháir ionat?
8 Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire,
agus tabhair dúinn cúnamh do shlánaithe.
9 Éistfidh mé leis an Tiarna Dia
óir labhróidh sé ar son na síochána –
síocháin dá mhuintir agus dá fhíréin;
agus don dream a d’iompaigh chuige ó chroí.
10 Tá a shlánú i ngar do lucht a eaglaithe;
chun go gcónódh a ghlóir inár dtír.
11 Casadh ar a chéile an buanghrá is an dílseacht;
phóg an fhíréantacht agus an tsíocháin a chéile.
12 Eascróidh an dílseacht as an talamh;
agus breathnóidh an fhíréantacht ó neamh.
13 Cuirfidh an Tiarna an séan orainn;
agus tabharfaidh an talamh a thoradh uaidh.
14 Rachaidh an fhíréantacht roimhe amach;
agus an slánú i slí a choiscéimeanna.

Read more...(to top)

Íseáia 9 (An Bíobla Naofa 1981)

2 Chuir tú go mór lena n-áthas,
mheadaigh tú ar a lúcháir;
tá siad ag déanamh gairdis os do chomhair,
mar a dhéanann in aimsir an fhómhair,
amhail an gairdeas lena roinntear an chreach.
3 Óir an chuing a bhí anuas orthu,
an choirb ar a nguaillí,
agus slat an aintiarna,
déanann tú smionagar díobh mar a rinne tú lá briste Mhidián.
4 Óir gach coisbheart catha,
agus gach fallaing a tumadh san fhuil,
tá siad loiscthe,
tá siad dóite le tine.
5 Óir rugadh leanbh dúinn,
tugadh mac dúinn;
tá an tiarnas ar a ghualainn,
agus is é ainm atá air:
“Comhairleoir iontach”, “Dia láidir”,
“Athair síoraí”, “Prionsa na síochána”.
6 Níl teorainn lena thiarnas
ná críoch lena shíocháin
ar chathaoir ríoga Dháiví
agus ar a ríogacht,
ag cur bun agus taca leo,
sa cheart agus san fhíréantacht feasta go brách.
– Díograis dhílis an Tiarna a chuirfidh sin i gcrích.
7 Caitheann an Tiarna focal le Iacób
agus titeann sé ar Iosrael.
8 Pobal iomlán Eafráim agus muintir na Samáire,
aithníonn siad é.
Dúirt siad ina ndíomas
agus i sotal a gcroí:

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

Surely his salvation is near to those who fear him, that glory may dwell in our land. Steadfast love and faithfulness meet; righteousness and peace kiss each other.

Psalm 85:9-10

His name shall be called Wonderful Counselor, Mighty God, Everlasting Father, Prince of Peace.

Isaiah 9:6

Salm 85 (English Standard Version)

6 Will you not revive us again,
that your people may rejoice in you?
7 Show us your steadfast love, O Lord,
and grant us your salvation.
8 Let me hear what God the Lord will speak,
for he will speak peace to his people, to his saints;
but let them not turn back to folly.
9 Surely his salvation is near to those who fear him,
that glory may dwell in our land.
10 Steadfast love and faithfulness meet;
righteousness and peace kiss each other.
11 Faithfulness springs up from the ground,
and righteousness looks down from the sky.
12 Yes, the Lord will give what is good,
and our land will yield its increase.
13 Righteousness will go before him
and make his footsteps a way.

Read more...(to top)

Íseáia 9 (English Standard Version)

3 You have multiplied the nation;
you have increased its joy;
they rejoice before you
as with joy at the harvest,
as they are glad when they divide the spoil.
4 For the yoke of his burden,
and the staff for his shoulder,
the rod of his oppressor,
you have broken as on the day of Midian.
5 For every boot of the tramping warrior in battle tumult
and every garment rolled in blood
will be burned as fuel for the fire.
6 For to us a child is born,
to us a son is given;
and the government shall be upon his shoulder,
and his name shall be called
Wonderful Counselor, Mighty God,
Everlasting Father, Prince of Peace.
7 Of the increase of his government and of peace
there will be no end,
on the throne of David and over his kingdom,
to establish it and to uphold it
with justice and with righteousness
from this time forth and forevermore.
The zeal of the Lord of hosts will do this.
8 The Lord has sent a word against Jacob,
and it will fall on Israel;
9 and all the people will know,
Ephraim and the inhabitants of Samaria,
who say in pride and in arrogance of heart:

Read more...(to top)